Sonraí an Chosantóra: James V. Mealy
Seoladh: 41 Bóthar Westgate, Baile an Easpaigh, Corcaigh.
Ionad Coinne: Cúirt Dúiche, Corcaigh.
Breitheamh: Breitheamh Dúiche, Riordan
An Cion a Líomhnaítear: Cúisíodh an cosantóir i sárú Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóir ar Choice Textiles Limited, Uimh. Chuideachta 343883 ar dháta nó ar dhátaí idir 31 Iúil 2002 agus 17 Lúnasa 2004 a fhad is a bhí sé faoi réir shrianadh na hArd-Chúirte de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na coinníollacha maidir le gníomhú mar stiúrthóir cuideachta atá forordaithe san Acht a urramú
Toradh: Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh James V. Mealy, gearradh fíneáil de €1,000 air agus ordaíodh dó costais agus caiteachais ionchúisimh de €500 a íoc. Nótáil an Chúirt tar éis a chiontaithe i gcion faoi Alt 161 d’Acht na gCuideachtaí 1990 go meastar James V. Mealy, de bhun Alt 161(2) den Acht céanna, a bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is í éifeacht na forála sin go bhfuil James V. Mealy dícháilithe maidir le tabhairt faoi chúram oifige stiúrthóra ar aon chuideachta atá cláraithe sa Stát ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú 18 Bealtaine 2005.