Sonraí na gCosantóirí:
Cosantóir A: Castle Elms Management Limited, 23 Ascal Richmond, Fionnradharc, Baile Átha Cliath 3;
Cosantóir B: Carmel Bolger, 6 Leamháin an Chaisleáin, An Cúlóg, Co. Átha Cliath;
Cosantóir C: Enda Heneghan, Ár 9 Bloc A, Leamháin an Chaisleáin, An Cúlóg, Co. Átha Cliath;
Cosantóir D: Michael O’Flynn, Ár 25 Cúirt Leamhán an Chaisleáin, Bóthar an Chaisleáin Ghlais, An Cúlóg, Baile Átha Cliath 5;
Cosantóir E: Jerry Beades, 50 Bóthar Stoneyford, Lios na gCearrbhach, Co. Aontroim, BT283SP, An Ríocht Aontaithe.
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath
Breitheamh:
Breitheamh Dúiche O’Neill
Cionta a Líomhnaítear:
Cúiseadh gach cosantóir le trí sárú Alt 131(6) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú), maidir le mainneachtain Castle Elms Management Limited CGB a thionól i 2011 agus 2012 AGUS neamh-chomhlíonadh Treoir Oifigigh an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach a éilíodh CGB a thionól. Cúiseadh gach cosantóir freisin le sárú alt 145(4) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú) ag baint le neamh-chomhlíonadh riachtanais Oifigigh an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach de bhun alt 145(3A) den Acht luaite ar dtús leabha(i)r miontuaraiscí coinnithe de réir Alt 145(1) den Acht luaite a thabhairt ar láimh agus sa dara dul síos iniúchadh agus cóipeáil a leithéid de leabha(i)r sin. Ina theannta sin, cúiseadh Cosantóirí A, B agus E le sárú eile d’Alt 131(6) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú) maidir le mainneachtain Castle Elms Management Limited CGB a thionól i 2010.
Toradh:
Cosantóir A: Castle Elms Management Limited.
An 28 Iúil 2014, ar pléideáil ciontach, chiontaigh an Cúirt an cosantóir ar gach ceann acu de cúig cúiseamh ina choinne a bhi roimh na Cúirte, ghearr sí fíneála den iomlán €9,000 agus d’ordaigh sí air €250 a ranníoc faoi chomhair costas ionchúisimh.
Cosantóir B: Carmel Bolger.
An 10 Márta 2014, ar pléideáil ciontach, chiontaigh an Cúirt an cosantóir ar cúiseamh amháin de bhun Alt 131(6) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú) agus ghearr sí fíneáil de €250. Lean an Cúirt uirthi [faoi Alt 1(1) d’Acht Promhadh na Ciontóirí, 1907] cúiseamh eile ag baint le sárú alt 131(6) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú) a dhíbhe. Scriosadh amach an trí cúiseamh eile in aghaidh an cosantóir seo a bhí roimh an Cúirt.
Cosantóir C: Enda Heneghan.
An 2 Iúil 2014, ar pléideáil ciontach, chiontaigh an Cúirt an cosantóir ar cúiseamh amháin de bhun Alt 131(6) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú), ghearr sí fíneáil de €750 agus d’ordaigh sí air €250 costas ionchúisimh a íoc. Lean an Cúirt uirthi [faoi Alt 1(1) d’Acht Promhadh na Ciontóirí, 1907] cúiseamh eile ag baint le sarú alt 131(6) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú) agus cúiseamh eile ag baint le sárú 145(4) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú) a dhíbhe. Scriosadh amach cúiseamh eile in aghaidh an cosantóir seo a bhí roimh an Cúirt.
Cosantóir D: Michael O’Flynn.
An 2 Iúil 2014, ar pléideáil ciontach, chiontaigh an Cúirt an cosantóir ar dhá cúiseamh de bhun Alt 131(6) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (árna leasú), ghearr sí fíneáil ar iomlán €750 agus d’ordaigh sí air €250 costas ionchúisimh a íoc. Scriosadh amach an dá chúiseamh eile in aghaidh an cosantóir seo a bhí roimh an Cúirt.
Cosantóir E: Jerry Beades.
An 10 Samhain 2014, breithníodh cruthaithe an cúig cúiseamh a bhí roimh an Cúirt in aghaidh an cosantóir agus a conspóideadh. Chiontaigh an Cúirt an cosantóir ar gach cúiseamh, ghearr sí fíneáil de €10,500 agus d’ordaigh sí air €250 costas ionchúisimh a íoc. Shocraigh an Chúirt cúirtbhanna sa chás go mbéadh achomharc. Ó shin rinne an Chúisí achomharc sa Chuirt Chuarda in aghaidh breithe na Cuirte Dúiche. Níor chinneadh an achomharc sin fós.