Sonraí an Fhreagróra:
Nigel D’Arcy
Seoladh: Castledillon, Teach Srafáin, Co Chill Dara
Ionad Coinne:
Ard-Chúirt, Baile Átha Cliath.
Breitheamh:
An Breitheamh Peter Kelly
An tIarratas:
Faoi alt 160(2) d’Acht na gCuideachtaí 1990 (arna leasú) d'fhéach an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach le hordú dícháilithe a fháil i leith Nigel D’Arcy ag eascairt as Tuarascáil Chigirí na hArd-Chúirte faoi NIB agus NIBFS (ceaptha faoi alt 8 d'Acht na gCuideachtaí 1990), a foilsíodh i mí Iúil 2004.
Toradh:
I mBreithiúnas scríofa dátaithe 26 Deireadh Fómhair, rinne an Breitheamh Peter Kelly Ordú ag dícháiliú Nigel D’Arcy ar feadh tréimhse 10 bliana faoi alt 160(2) d'Acht na gCuideachtaí 1990 (arna leasú), éifeachtach ón dáta sin.