Rinne an Ard-Chúirt ordú dícháilithe ar duine ("an Freagróir") ar feadh tréimhse ceithre bhliain de bun Alt 160(2)(e) d'Acht na gCuideachtaí 1990 in imeachtaí a thionscain an Stiúrthóir ar scór Tuarascáil Cigirí Ard-Chúirte, i dteannta le Ordú costais i bhfabhar an Stiúrthóra. Áfach, dheonaigh an Ard-Chúirt faoiseamh don Freagróir leanúint ina stiúrthóir agus bheith bainteach le bainistíocht cuideachta ainmnithe amháin a raibh sé ina stiúrthóir dó cheana. Dheonaigh an Ard-Chúirt bac freisin ar an t-ordú dícháiliú agus ordú costais ar feitheamh ar achomharc den Freagróir ar tiomantas an Freagróra i rith an baic réamhfhógra a thabhairt do Stiúrthóir dá mbeadh sé ar intinn aige bheith nó fan ceaptha mar, inter alia, stiúrthóir aon cuideachta.
Tar éis deanamh ordú dícháiliú na hArd-Chúirte, rinne an Freagróir achmomarc rathúil chuig an Chúirt Uachtarach agus chuir an Chúirt Uachtarach ar cheal an ordú dícháiliú Ard-Chúirte agus dheonaigh sí don Fhreagróir a chostas in aghaidh an Stiúrthóir. Da bhrí sin níor tháinig an ordú dícháilithe i bhfeidhm.
Tá sonraí toraidh éisteacht na Cúirte Uachtaracha le feiceáil in iontráil Dé Máirt 28th Iúil 2009 ar ár suíomh idirlíne.