Achomharc
An 17ú Nollaig 2015, rinne an Cúirt Uachtarach Ordú le toiliú, go díchuir Ordú na hArdchúirte (an tUasal Breitheamh Murphy) a rinneadh an 7ú Meitheamh agus a dhícháiligh an tUasal Lacey ar feadh naoi mbliain de bhun Alt 160(2) (b) (d) agus (e) d'Acht na Cuideachtaí 1990 agus ina ionad rine an Cúirt Ordú a dhícháiligh an tUasal Lacey ar feadh tréimhse ceithre bhliain agus sé mhí i bhfeidhm ón 7ú Meitheamh 2011. Sa bhreis d'ordaih an Cúirt Uachtarach go díchchuirtear gach Ordú Costas roimhe sin agus d'ordaigh sí go íocfaidh an tUasal Lacey an tsuim €142,768.50 don Stiúrthóir mar ranníocaíocht do costais dlí an Stiúrthóir.
Tá breithiúnas scríofa ceadaithe na hArdchúirte le fáil chun léamh (Béarla amháin).