Dé Máirt 2 Bealtaine 2006
Chuir Paul Appelby, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach fáilte inniu roimh bhreithiúnas an European Court of Justice (ECJ) sa chás Eurofood (Cás C-341/04). Bhain an cás le réiteach ar cheisteanna sonracha dlí maidir le léiriú ar Rialúchán Dócmhainneacht Trasteorann an AE - Rialúchán na Comhairle (CE) 1346/2000 ó 29 Bealtaine 2000. Chuir Cúirt Uachtarach na hÉireann na ceisteanna sin faoi bhráid an ECJ ar an mbonn gur theastaigh réamhrialaithe ón ECJ sula mbeadh an Chúirt Uachtarach in ann breithiúnas a thabhairt ar achomharc a rinneadh i gcoinne cheapachán leachtaitheoir ag Ard-Chúirt na hÉireann don chuideachta Éireannach Eurofood IFSC Teoranta. Rinne Enrico Bondi Riarthóir Urghnách atá ceaptha do Parmalatz SpA, cuideachta bia domhanda atá ionchorpraithe san Iodáil agus a bhfuil Eurofood ina fhochuideachta aige an t-achomharc sin. Ba é an argóint a bhí ag an uasal Bondi gur chóir tús áite a thabhairt do chinneadh na Cúirte Iodálaí ábhartha Eurofood a chur faoi riarachán urghnách.
Féach an luath-théacs dátaithe 27 Iúil 2004 i bhFoirceannadh agus Dócmhainneacht le haghaidh breis eolais maidir le breithiúnais Ard-Chúirte agus Chúirte Uachtaraí na hÉireann.
Nasc Gaolmhar: • 27 Iúil 2004 - Maidir le Eurofood IFSC Teoranta agus Maidir le hAchtanna na gCuideachtaí 1963 - 2003, Uimhir Thaifid na Cúirte Uachtaraí, 147 / 04.
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gcoinne Patricia Kelly »
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gcoinne Sean O'Neill »
New Publication:
Single Guide for Companies Email info@odce.ie for a copy
Please visit FAQs before contacting the office
Covid-19 and AGMs
Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig Covid-19 agus CGBanna.
COVID-19 NOTICES Temporary contact details Insolvency related issues Data Protection issues Statement on the performance of our functions Temporary amendments to Companies Act 2014 (extended to 30th April 2022)
FÓGRAÍ COVID-19 Sonraí teagmhála sealadacha Saincheisteanna - Dócmhainneacht Saincheisteanna - Cosaint Sonraí Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin) Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014 (síneadh go 31 Nollaig 2021)
Tá Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois
Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach
Bunú an UFC