Alt 150 Treoir Chleachtais:
Ón 24 Márta 2003 ar aghaidh beidh feidhm ag na nósanna imeachta agus ag na foirmeacha forordaithe a leanas maidir le haon iarratais ar an gCúirt faoi Alt 150(1) d' Acht na gCuideachtaí 1990 ar ordú srianta i leith stiúrthóir amháin nó níos mó de chuideachta dhócmhainneach atá faoi leachtú deonach.
Alt 150 Treoir Chleachtais – Foirmeacha:
Tagraítear do 3 cinn d'Fhoirmeacha i dTreoir Chleachtais Alt 150.
Is éard atá i bhFoirm 1 an Fógra Tairisceana Bunaidh a mbainfidh leachtaitheoirí, an Stiúrthóir, agus glacadóirí úsáid as mar Fhoirm chuí le haghaidh iarratas ar ráitis de bhun alt 150 i gcomhréir leis na treoracha cleachtais thuas.
Is éard atá i bhFoirm 2 an Mhionnscríbhinn Forais a mbainfidh leachtaitheoirí, an Stiúrthóir, agus glacadóirí úsáid aisti mar Fhoirm chuí le haghaidh iarratas forais ar ráitis de bhun alt 150 i gcomhréir leis na treoracha cleachtais thuas.
Is éard atá i bhFoirm 3 an fhoirm Láithris nach mór bheith cláraithe san Ard-Chúirt ag stiúrthóirí cuideachta nó ag aturnaetha ag gníomhú ar a son laistigh de 10 lá ón dáta a sheirbheáil an leachtaitheoir, an Stiúrthóir, nó na glacadóirí na páipéir ar stiúrthóirí na cuideachta, más mian leis na stiúrthóirí cuideachta cosaint a dhéanamh ar an iarratas.
Naisc ghaolmhara:
• Alt 150 Treoir Chleachtais
• Foirm 1
• Foirm 2
• Foirm 3