Sonraí na gCosantóirí:
Ambrose Kelly International (Eastern Europe) Limited
Uimhir Chuideachta: 179172
Oifig Chláraithe: The Priory, Sráid Eoin Thiar, Baile Átha Cliath 8
Ambrose Kelly
Cúirt Fleming, Plás Fleming, Baile Átha Cliath 2
Connie O'Reilly
4 Bóthar Rhaglan, Baile Átha Cliath 4
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Mary Devins
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Líomhnaítear gur sháraigh na cosantóirí Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Baineann na líomhaintí leis na blianta airgeadais a chlúdaíonn an tréimhse ó 30 Aibreán 1994 go dtí 30 Aibreán 1999.
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach ar dhá chúis a chlúdaigh na tréimhsí 30 Aibreán 1994 agus 30 Aibreán 1999, chiontaigh an Chúirt an Chuideachta agus ghearr fíneálacha €600 ina iomláine ar an gcuideachta agus dhámh €208 chostais don ionchúisitheoir.
Tar éis pléadáil chiontach ar dhá chúis a chlúdaigh na tréimhsí 30 Aibreán 1994 agus 30 Aibreán 1995, chiontaigh an Chúirt Ambrose Kelly stiúrthóir agus ghearr fíneálacha €500 ina iomláine agus dhámh €208 chostais don ionchúisitheoir.
Tar éis pléadáil chiontach ar dhá chúis a chlúdaigh na tréimhsí 30 Aibreán 1994 agus 30 Aibreán 1995, chiontaigh an Chúirt Connie O'Reilly stiúrthóir agus ghearr fíneálacha €600 ina iomláine agus dhámh €208 chostais don ionchúisitheoir.