Sonraí an Chosantóra:
Ainm: Austin Kenny
Seoladh: Kenny Quealy, 72 Sráid Chill Mochargán Uachtarach, Baile Átha Cliath 4.
Ionad Coinne:Cúirt 46 ag an Bridewell
Breitheamh: Breitheamh na Cúirte Dúiche O’Neill
Cion/Cionta a Líomhnaítear: Sáruithe ar Ailt 187 (6) & (7) agus ar Alt 187 (12) d'Acht na gCuideachtaí 1990. Sa chuid seo den reachtaíocht foráiltear do dhícháiliú duine maidir le bheith ceaptha mar iniúchóir.
Toradh:
Tar éis phléadáil chiontach, ciontaíodh an Cosantóir i gceithre chúis a bhain le sárú ar ailt 187 (6) & (7) agus gearradh fíneáil €500 maidir le gach cúis. Ina theannta sin, ar phléadáil chiontach, ciontaíodh an cosantóir i gcúis amháin a bhain le sárú ar alt 187 (12). Dámhadh €208 chostais don ionchúisitheoir.