Sonraí an Chosantóra:
John Ralph, Bóthar Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, County Mhaigh Eo
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche, Caisleán an Bharraigh
Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Mary Devins
Na Cionta a Líomhnaíodh:
Mar stiúrthóir ar Coast to Coast Couriers Limited, Uimh. Chuideachta 307637 (Faoi Leachtú) líomhnaíodh i leith an chosantóra:
- gur sháraigh sé alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 ina bhfuil sé de cheangal ar stiúrthóirí cuideachta gach beart réasúnta a dhéanamh chun géilliúntas na cuideachta a shocrú i leith an cheanglais socruithe a dhéanamh le go gcoinneofaí leabhair chuí chuntas;
- gur sháraigh sé alt 293(1)(c) d’Acht na gCuideachtaí 1963 a cheanglaíonn ar oifigeach cuideachtaí faoi leachtú na leabhair agus na páipéir uile atá faoina chúram nó faoina smacht ar leis an chuideachta iad agus a bhfuil sé faoi réir ceangal dlí a dtabhairt ar airde a sheachadadh don leachtaitheoir nó de réir mar a ordaíonn an leachtaitheoir;
-
agus go ndearna sé mainneachtain gan tuairisceán bliantúil a chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí .i. Tuairisceán Bliantúil don bhliain ar chríoch di an 31/12/00 ina mbeadh inter alia clár na gcomhaltaí, na scaireanna agus na mbintiúr, rud atá contrártha le halt 125 d’Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú).
Toradh:
Rinne an Breitheamh Devins breithiúnas scríofa ar féidir a fheiceáil ina iomláine ach cliceáil anseo.
Caitheadh amach na cúiseanna faoi alt 202 agus alt 293 d’Acht na gCuideachtaí 1990 le costais agus le costais finnéithe.
Tar éis pléadáil chiontach don chúis a bhain le halt 125 d’Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú) i ndáil leis an mbliain ar chríoch di an 31.12.00 ciontaíodh an cosantóir agus gearradh fíneáil de €100 air. Tarraingíodh siar a leithéid eile de chúis a bhain leis an mbliain ar chríoch di 31/12/01.