Sonraí na gCosantóirí: Walshe Heating And Plumbing Services Limited
Uimhir Chuideachta: 309276
Oifig Chláraithe: Drumaloor, Droim Caiside, Béal Tairbirt, Co. an Cabháin. Martin Walshe
Seoladh: Drumaloor, Droim Caiside, Béal Tairbirt, Co. an Cabháin.
Ionad Coinne: Cúirt Dhúiche, Béal Tairbirt.
Breitheamh: Breitheamh Dúiche, McBride
Cion/Cionta a Líomhnaítear: Cúisíodh gach ceann de na cosantóirí i gcion amháin a bhain le sárú Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis an mbliain airgeadais a chríochnaíonn an 31 Márta 2004.
Toradh: Tar éis pléadáil chiontach a fháil ó gach ceann de na cúisithe chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion faoi Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 agus ghearr fíneálacha de €200 ar an gCuideachta agus fíneálacha de €250 ar Martin Walshe. Ina theannta sin d’ordaigh an Chúirt do Martin Walshe costais ionchúisitheora de €450 a íoc.