Sonraí na gCosantóirí:
Little Spain Limited
Uimhir Chuideachta: 359746
Oifig Chláraithe: 100 Bóthar Emmet, Inse Chór, Baile Átha Cliath 8.
Samir Haouanoh agus Madani Haouanoh.
Seoladh: 6 Teach Rochford, Sráid Phádraig, Baile Átha Cliath 8.
Ionad Coinne: Cúirt Dúiche, Baile Átha Cliath
Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Collins.
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh gach ceann de na cosantóirí i gcion amháin a bhain le sárú Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis an mbliain airgeadais a chríochnaíonn an 30 Meitheamh 2003.
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach a fháil ó gach ceann de na cúisithe, chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion faoi Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 agus ghearr fíneálacha de €500 ar an gCuideachta, fíneáil de €300 ar Madani Haouanoh agus fíneáil de €100 ar Samir Haouanoh. Dámhadh costais ionchúisithe de €208 maidir le gach toghairm.