Sonraí an Chosantóra:
Garry Coyne
Stiúrthóir ar Tubberfield Limited
Uimhir Chuideachta: 221994
Seoladh Cláraithe na Cuideachta: Sráid Connolly, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí.
Seoladh an Chosantóra: 25 Woodville, Rochestown, Corcaigh.
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Uimh. 2, Corcaigh.
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Malone.
Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh an cosantóir i seacht gcinn de sháruithe i leith alt 31 d'Acht na gCuideachtaí 1990 (iasachtaí stiúrthóirí).
Toradh:
Éisteadh leis an gcás an 23 Márta 2006 os comhair an Bhreitheamh Malone. Tar éis phléadáil ciontach an chosantóra, shíl an chúirt na cúiseanna a bheith cruthaithe, caitheadh amach na cúiseanna, faoi alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907, ar an gcoinníoll go n-íocfadh an cosantóir ranníoc €1,000 do charthanas dá rogha féin roimh 6 Aibreán 2006. Dearbhaíodh an cinneadh an 6 Aibreán 2006 tar éis fianaise a fháil go raibh an t-airgead íoctha. Tugadh le fios don chúirt freisin go raibh an mhainneachtain réitithe ag an uasal Coyne maidir leis na suimeanna a ndeachaigh thar na teorainneacha ceadaithe.