Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Watkin.
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh an cosantóir as gníomhú mar leachtaitheoir ar chuideachta le linn bheith dícháilithe maidir le gníomhú amhlaidh sin de bhun alt 300A (1) (c) d'Acht na gCuideachtaí 1963 (arna cur isteach ag alt 146 d’Acht na gCuideachtaí 1990) AGUS as mainneachtain scaradh lena oifig de bharr a leithéid de dhícháiliú de shárú ar alt 300A(4) d’Acht na gCuideachtaí, 1963.
Nóta: Faoi réir Alt 300A(1)(c) tá "a person who is a partner or in the employment of an officer or servant of the company" dícháilithe le bheith ceaptha mar leachtaitheoir i gcuideachta.
Toradh:
Caitheadh amach na cúisithe a rinneadh faoi Alt 300A d'Acht na gCuideachtaí 1963.
Ní dhearnadh aon ordú maidir le costais.