Ag eascairt as imscrúdú a rinne Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach ("OSFC") ar an iar-charthanais Console, d'ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go gcúiseódh bean i gcionta tromchúiseacha.
Tar éis treoracha an DPP, gabhadh Bean Patricia Kelly, le seoladh i gCill Dara, agus tugadh os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath í. Cuireadh in iúl don Chúirt, faoi treo an SIP, gcúisíodh Bean Kelly i gcionta:
• cúis amháin Trádála Chalaoiseach in aghaidh alt 297 d'Acht na gCuideachtaí 1963;
• cúis amháin Trádáil Chalaoiseach in aghaidh alt 722 d'Acht na gCuideachtaí 2014; agus
• cúis amháin Sciúradh Airgid contrártha le hailt 7(1)(a)(ii), 7(1)(b) agus 7(3) den Acht um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid & Maoiniú Sceimhlitheoireachta) 2010.
Cuireadh in iúl don Chúirt freisin gur ordaigh an SIP go gcuirfí an cúisí ar aghaidh chuig an gCúirt Chuarda le haghaidh trialach ar díotáil.