« back Prosecution Cases 2006
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Cuideachta Teoranta AGUS Beirt Stiúrthóirí

Dé Máirt 24 Eanáir 2006


Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Watkin 

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i gcion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis an mbliain airgeadais dar críoch 30 Meitheamh 2003. 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach, chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion amháin faoi alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an mbliain airgeadais go dtí 30 Meitheamh 2003 agus ghearr fíneáil €200 ar an gcuideachta agus fíneáil €200 ar Stiúrthóir amháin. Gearradh fíneáil €50 ar an dara Stiúrthóir agus ordaíodh di €200 de chostais an ionchúisimh a íoc.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e