Sna rannóga a leanas leagtar amach príomhfhreagrachtaí cuideachtaí, stiúrthóirí cuideachta agus/nó rúnaithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar. Tá breis eolais faoi rólanna cuideachtaí, stiúrthóirí cuideachta agus/nó rúnaithe le fáil sna Leabhair Eolais is féidir a íoschóipeáil ag bun an leathanaigh seo.
Freagrachtaí Cuideachtaí
- Is iad seo a leanas príomhdhualgais chuideachtaí:
- Leabhair chuí chuntas a choinneáil;
- Cuntais bhliantúla a ullmhú;
- Go ndéanfaí iniúchadh bliantúil (faoi réir eisceachtaí);
- Cláir agus doiciméid áirithe a choinneáil;
- Doiciméid áirithe a chlárú le Cláraitheoir na gCuideachtaí;
- Cruinnithe ginearálta na cuideachta a thionól.
Freagrachtaí Stiúrthóirí Cuideachta
Tá raon leathan agus éagsúil freagrachtaí ag stiúrthóirí cuideachta. As dhá fhoinse go príomha a eascraíonn a gcuid dualgas: reacht (Achtanna an Oireachtais agus reachtaíocht eile, m.sh. Rialúcháin AE) agus dlí coiteann.
Is féidir dualgais stiúrthóirí faoi dhlí coiteann a choimriú faoi thrí phrionsabal:
- Caithfidh stiúrthóirí a gcumhachtaí a fheidhmiú de mheon macánta agus ar mhaithe na cuideachta ina hiomláine.
- Ní cheadaítear do stiúrthóirí brabús neamhnochta a dhéanamh as bheith ina stiúrthóir agus ní mór dóibh cuntas a thabhairt in aon bhrabús a fhaigheann siad go rúnda siocair post an stiúrthóra bheith acu.
- Tá sé d'oibleagáid ar stiúrthóirí a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh le haire, le scil agus le dúthracht chuí.
Seo a leanas dualgais reachtúla stiúrthóirí:
- Dualgais mar oifigeach cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí;
- Dualgas leabhair chuí chuntas a choinneáil;
- Dualgas cuntais bhliantúla a ullmhú;
- Dualgas iniúchadh bliantúil a fháil déanta;
- Dualgas cláir áirithe agus doiciméid eile a choinneáil;
- Dualgas doiciméid áirithe a chlárú le Cláraitheoir na gCuideachtaí;
- Dualgas eolas pearsanta áirithe a nochtadh;
- Dualgas cruinnithe ginearálta na cuideachta a thionól;
- Dualgais maidir le bearta leis an gcuideachta;
- Dualgais stiúrthóirí cuideachtaí faoi leachtú agus dualgais stiúrthóirí cuideachtaí dócmhainneacha
Freagrachtaí Rúnaithe Cuideachta
Is iad príomhfheidhmeanna rúnaí cuideachta riarachán na cuideachta ó lá go lá a mhaoirsiú agus a chinntiú go sonrach go gcomhlíonann an chuideachta an dlí agus go gcloíonn sí lena rialacháin féin.
- Déanfar achoimre ar a gcuid dualgais mar a leanas:
- Dualgais reachtúla faoi Achtanna na gCuideachtaí (de ghnáth in éindí le stiúrthóir);
- Dualgas eolas pearsanta áirithe a nochtadh;
- Dualgas aire, scil agus dúthracht chuí a fheidhmiú- Dualgais riaracháin
Naisc Ghaolmhara:
Tá na foilseacháin thíos le fail as Béarla amháin