Cuimsíonn ráitis airgeadais bliantúil cuideachta - (a) clár comhardaithe amhail ar an dáta deireadh na bliana airgeadais, (b) cuntas brabúis agus caillteanais don bhliain airgeadais, agus (c) aon ráitis breise eile agus faisnéise a theastaíonn ón creat tuairiscithe airgeadais a glacadh i ndáil leis an gcuideachta. Ní mór dóibh léargas fíor agus cóir na sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na cuideachta amhail ar dháta deireadh na bliana airgeadais.
Tá, éilítear ar stiúrthóirí cuideachta ráitis airgeadais don chuideachta a ullmhú i leith gach bliain airgeadais. Má theipeann ar an gcuideachta an riachtanas seo a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus aon oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion chatagóir 2.
Tá, tá ceart ag gach comhalta den chuideachta cóip a fháil de ráitis arigeadais reachtúla an chuideachta tráth nach lú ná 21 lá roimh an gcruinniú ginearálta roimh a leagtar iad (tagraíonn Ailt 338 & 339 d’Acht na gCuideachtaí 2014).
Tá, éilítear ar stiúrthóirí cuideachta an Ráiteas Airgeadais Reachtúil do gach bliain a leagan ar roimh na comhaltaí ag an CGB. Ba chóir go mbeadh na ráitis airgeadais a leagadh faoi bhráid an CGB a bheith laistigh de 9 mí ó dháta dheireadh na bliana airgeadais (Alt 3541 d’Acht na gCuideachtaí 2014).