Is é misean Oifig an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach ná feabhas a chur ar an timpeallacht ghéilliúntais do gníomhaíocht corparáideach i ngeilleagar na hÉireann trí spreagadh a dhéanamh le go gcloítear le foráileacha Achtanna na gCuideachtaí agus iad a dhéanamh cuntasach a thugann neamhaird don dlí. Agus ag gabháil ár dtéarmaí tagartha, shainaithníomar na
haidhmeanna príomha a leanas de chuid OSFC chomh maith le fo-aidhmeanna atá gaolta leo:
Aidhm 1: Tuiscint an Phobail ar Ceartanna agus Dualgais Dlí na gCuideachtaí a Feabhsú
- Fo-aidhm 1.1: Ardú Caighdeáin Ghéilliúntais
- Fo-aidhm 1.2: Ár gCaidreamh le Geallsealbhóirí a Dhoimhniú
- Fo-aidhm 1.3: Dul i gCion ar Forbairt Polasaí
Aidhm 2: Aghaidh a thabhairt ar Iompar Mídhleathach maidir le Dlí na gCuideachtaí
- Fo-aidhm 2.1: Cásanna ina bhfuil Amhras faoi Mhí-iompar a Shainiú
- Fo-aidhm 2.2: Achtanna na gCuideachtaí a Fhorfheidhmiú i gcás Sáruithe Tromchúiseacha
Aidhm 3: Seirbhísí den Scoth a Sholáthar do Chustaiméirí Inmheánacha agus Seachtracha
- Fo-aidhm 3.1: Acmhainní OSFC a Dhaingniú agus a Bhainistiú go Stuama
- Fo-aidhm 3.2: Foireann a Chur Chun Cinn
- Fo-aidhm 3.3: Seirbhísí Custaiméara a Feabhsú
Ceangal Gaolmhara: