Tá sé de dhualgas ar an Aonad Tathanta sainordú an Stiúrthóra géilliúntas i leith dlí cuideachta a spreagadh, a chomhlíonadh.
Le go mbeifear in ann gníomhú chun caighdeáin ghéilliúntais chorparáidigh a fheabhsú, bíodh sin ar leibhéal an duine aonair nó ar an leibhéal corparáideach beidh eolas ar fónamh ag teastáil ón Oifig maidir le hamhras faoi shárú dlí chuideachta.
Bíonn Aonad Dócmhainneach an OSFC go gníomhach ag tabhairt cuireadh do chreidiúnaithe, do pháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne gearáin maidir le gníomhaíocht Stiúrthóirí cuideachtaí dóchmhainneacha agus/nó feidhmíocht leachtaitheoirí agus glacadóirí a chur chuige.
Is acmhainn an tAonad Seirbhísí Corparáideach a chabhraíonn le OSFC feidhmiú go héifeachtach agus tá freagracht air as riarachán ginearálta na hOifige.
I gcomhréir leis an sainchúram ginearálta sin tá an Oifig ag tairgeadh roinnt seirbhísí discréideacha don phobal i gcoitinne mar, Eolas maidir le Géilliúntas, Eolas Ginearálta, Gearáin maidir le Dlí Cuideachta, Comhairliúchán.